An Bhuiríos go dtí Na Naoi gCloch (D-G) – Gaelige

An Bhuiríos go dtí Na Naoi gCloch (D-G) – Gaelige

Tús na Siúlóide: An Bhuiríos

Seirbhísí: An Bhuiríos, Bun Cloidí agus Míseal

Fad/Am: 10.6km/tuairim is 3 huaire

Deacracht: Deacair

Tír-raon: Conairí foraoise, cosáin leirge agus mionbhóithre

Ard: 420 méadar

In oiriúint do: Siúlóirí a bhfuil taithí acu

Íosmhéid giair: Buataisí fánaíochta, eadaí báistí, deoch, sneaiceanna agus fón póca

Léarscáileanna SOÉ: OSI Discovery Series 68, 75 agus 76. The Blackstairs, Mount Leinster agus the Barrow Valley ó East West Mapping www.eastwestmapping.ie

An cineál conaire: Conair Shlímharcáilte Náisiúnta – saighead bhuí ar chúlra dubh

Seirbhísí Éigeandála: 999 nó 112

Ríomhphost teagmhála: secretar@carlowcoco.ie

 

Is baile Seoirseach taitneamhach eibhir é an Bhuiríos atá lán le hoidhreacht, neadaithe i ngleann torthúil na Bearú.

Tógadh an Bhuiríos Uachtair den chuid is mó ag muintir Mhic Mhurchadha Chaomhánaigh a rianaíonn a sinsearacht go díreach chuig Diarmuid Mac Murchadha, Rí Laighean. Tréithrítear í ag roinnt foirgnimh eibhir ón naoú haois déag a thugann an buafhocal ‘Baile Eibhir’ don bhaile. Lárnach sa chuid sin is ea an lóiste agus an geata chuig Teach na Buiríse, ‘Teach Mór’ atá uathúil d’Éirinn. Tá an chlann lonnaithe ar an suíomh céanna ón 15ú haois: roghnaíodh go cúramach ag an mBuiríos é i lár na Staighrí Dubha ar thalamh ard in aice na bpríomhbhealaí cumarsáide. Tá turais de Theach na Buiríse ar fáil ar laethanta áirithe – féach an suíomh gréasáin le haghaidh sonraí www.borrishouse.com.

Bhí rath ar an mbaile sna 1800 í toisc gur fhorbair Arthur Mac Murchadha Caomhánach, an tiarna talún ag an am, muileann sábhadóireachta agus tionscal déanta lása – bhí cáil ar Lása na Buiríse gan mhoill as a chuid patrúin áille chasta agus bhí sé mar ghné de thithe maorga chomh fada i gcéin is an Rúis.
Chuir sé tús le tógáil an tarbhealaigh mhórthaibhsigh 16-áirse, suite ag bun an bhaile, a d’iompair Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt agus an Iarthair, atá imithe in éag ó shin, idir Muine Bheag agus an Phailís Thoir i gContae Loch Garman. Gné thaitneamhach den bhaile ná Séipéal an Chroí Ró-Naofa, a tógadh in 1820 agus aghaidh eibhir air, maisithe le haolchloch, ina bhfuil doras sa stíl Rómhánúil.

D-E: Siúil le fána tríd an mBuiríos agus tóg an chéad chasadh ar chlé tar éis Banc na hÉireann go dtí mionbhóthar sula dtrasnaíonn tú an droichead. Tá Tarbhealach mórthaibhseach na Búiríse ar thaobh do láimhe deise. Is féidir siúlóid thaitneamhach 3.5km timpeall agus faoin tarbhealach, a d’fhorbair Bailte Slachtmhara na Buiríse, a dhéanamh ag an bpointe seo. Ansin coinnigh ar chlé ag an gcéad ghabhal agus ar dheis ag an gcéad ghabhal eile chun T-acomhal ag Crosbhóthar Chnoc an Spá a bhaint amach. Cas ar chlé agus coinnigh in éadan na mala, ag coinneáil ar dheis ag an gcéad ghabhal eile chun Crosbhóthar an Chaisil a bhaint amach. Cas ar dheis.

E-F: Ag fágáil Crosbhóthar an Chaisil, cas ar chlé agus téigh in éadan na mala. Tá radhairc bhreátha i dtreo Stua Laighean, an Chnoic Rua agus foinse Abhainn an tSléibhe a thrasnaigh tú ní ba luaithe. Bain Crosbhóthar Thuaim Dhubh amach agus feicfidh tú leacht Pháirc an Champa, Tuaim Dhubh, inar bhailigh fórsa mór fear píce le chéile le linn éirí amach 1798.

F-G: Coinnigh díreach ar aghaidh trí Chrosbhóthar Thuaim Dhubh agus coinnigh ort in éadan na mala ar bhóthar caol sléibhtiúil ar a bhfuil grátaí eallaigh chun gluaiseachtaí stoc feirme a rialú. Bí ar d’aire le haghaidh díolta suntais áitiúla, Teach Scabby ar thaobh do láimhe deise agus an Charraig Bhán níos faide anonn ar chlé. Críochnaíonn do dhreapadh ag carrchlós mór na Naoi gCloch atá ar bharr an chnoic. Ar dheis tá an bóthar chuig crann tarchurtha teilifíse RTÉ a tógadh in 1963, suite ar bharr Stua Laighean, binn is airde Shliabhraon na Staighrí Dubha. Tá radhairc iontacha ó na Naoi gCloch de thuath shaibhir ildaite Cheatharlach. Tagraíonn bunús ainm na láithreach amhairc do na naonúr aoirí a cailleadh ar Stua Laighean i stoirm gheimhridh fadó.

Prionsabail Ná Fág Rian

  • Déan plean roimh ré agus ullmhaigh
  • Bí cásmhar le daoine eile
  • Léirigh meas ar ainmhithe agus ar fhiabheatha
  • Taisteal agus campáil ar thalamh láidir
  • Ná tóg aon rud ón áit
  • Faigh réidh le bruscar i gceart
  • Íoslaghdaigh tionchar na tine

Tá sé an-éasca eitic “Ná Fág Rian” a chleachtadh. Bíodh sé deacair do dhaoine eile tú a fheiceáil agus a chloisteáil agus ná fág rian de do chuairt.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com