Hacketstown (Gaeilge)

Hacketstown (Gaeilge)

Cosán Oidhreachta Bhaile Haicéid

I dtírdhreach méith glas Oirthear Ársa na hÉireann atá Baile Haicéid agus tá sé tógtha in airde ar chnoc gairid do theorainn thoir thuaidh Cheatharlach i mbunchnoic Shléibhte Chill Mhantáin. Tá sé faoi bhun Chnoc an Iolair ar an taobh thiar theas den bhaile, mullóg a bhfuil mala ghéar aníos léi agus a bhfuil créfort nó dún cnoic réamhstairiúil ar a mhullach. Tá Cnoc an Iolair go hard os cionn an cheantair agus tá radhairc áille ag an gcuairteoir óna bharr ar an tír máguaird san Oirthear Ársa.

Tá Baile Haicéid ainmnithe as an teaghlach Normannach a chuir fúthu anseo agus a thóg caisleán ar an láthair a bhfuil Séipéil Naomh Bríd anois. Bhí Baile Haicéid ina bhaile garastúin faoi dheireadh an 18ú haois agus ionsaíodh faoi dhó é le linn Éirí Amach 1798. Rinneadh cros chloiche faoi mhaisiúcháin áille thraidisiúnta de phátrúin snaidhmeanna Ceilteacha a chur in airde i Sráid an Teampaill mar chuimhneachán orthu seo a fuair bás sna cathanna.

San 18ú céad, thóg muintir D’Arcy muileann ar an taobh thoir thuaidh den bhaile i mbun an chnoic ar bhruach Abhainn an Doirín. Scriosadh é i ndóiteán sna 1940í ach rinneadh é a atógáil láithreach agus lean sé air ag oibriú go dtí gur tugadh an leictreachas go dtí Baile Haicéid sna 1950í. Teach cónaithe príobháideach atá anois ann.

Tá dhá shéipéal i mBaile Haicéid. Tá dhá dhéantán shuimiúla le feiceáil i Séipéal Naomh Bríd i lár an bhaile – an chéad cheann ná cros chloiche ar a dtaispeántar an Céasadh agus a rinneadh in aimsir na bpéindlíthe, agus an dara ceann ná cloch iompair a d’úsáidtí go traidisiúnta chun cruacha féir agus stóir ghráin a iompar. Tá túr ar Shéipéal Naomh Eoin agus tá sé ar imeall thiar theas an bhaile agus is ann atá tuama, agus leacht cuimhneacháin in ómós, an Chaptaein Thomas Hardy a maraíodh agus é ag cosaint Bhaile Haicéid le linn an dara hionsaí in Éirí Amach 1798.

Is féidir siúlóid lúibe álainn a ghabháil trí thuath rafar Oirthear Ársa na hÉireann ach an tslí a thosaíonn i lár an bhaile a leanúint, slí atá marcáilte go soiléir. Tabharfaidh an tslí seo an cuairteoir an cnoc anuas agus thar an droichead, thar an muileann agus timpeall bhun Chnoc Chill Mhic Artáin, thar an reilig agus thar an droichead agus ar ais go dtí an pointe tosaithe. Dá gcasfadh an cuairteoir ar dheis ag an Muileann, agus dá n-imeodh sé den tsiúlóid lúibe, thiocfadh sé go dtí rith ársa de chlocha cora trasna Abhainn an Doirín.

Is dócha gur fhan cuimhne láidir ag roinnt glúinte de theaghlach Elvis Presley ar lá cinniúnach i mBaile Haicéid i mbliain a 1775. Is as an áit seo a theith William Presley, feirmeoir ó Shraith na Caillí in aice Shíol Éalaigh, “agus eagla a anama air” tar éis do “baicle Mantánach é a ionsaí, a bhualadh agus a ghreadadh go dian”. Níor tugadh chun críche cás cúirte a tionscnaíodh os comhair Chúirt Seisiúin Cheatharlach; mar gur imigh sé faoi dhithneas go dtí na Stáit Aontaithe, is cosúil. Chuir sé faoi ar dtús in New Orleans sular aistrigh sé go dtí Tennessee, mar a bhfuair sé bás i mbliain a 1802. Iarua William, Jessie, ba athair Vernon Presley é, agus ba é Vernon Presley athair Elvis Presley a fuair bás i mbliain a 1977. Ceiliúrtar an nasc seo le Elvis gach bliain le Féile Fhréamhacha Elvis a thionóltar ar an mbaile. FB elvisrootshacketstown.
Lasmuigh den bhaile, i leataobh ón R727, tá an tseoid stairiúil Dolmain Bhaile Eireoil. Sampla é seo de dholmain ursanach a bhfuil dea-bhail uirthi. Tá dhá liag mhullaigh uirthi, a bhfuil iarracht de leathcheann orthu, agus deich gcinn de chlocha ingearacha ina dtaca fúthu, a raibh dhá cheann acu mar dhoras isteach sa tuama.