Rathvilly (Gaeilge)

Rathvilly (Gaeilge)

Tá Ráth Bhile cois bhunchnoic Shléibhte Chill Mhantáin ar bhruacha Abhainn na Sláine i dtaobh tíre méith glas Oirthear Ársa na hÉireann. Is éard is bun leis an ainm Ráth Bhile ná ‘Lios na gCrann’. Tá scata láithreacha stairiúla agus seandálaíochta sa sráidbhaile agus sa líomatáiste máguaird.

Is é Caoimhín de Barra an laoch ab oirirce i streachailt na hÉireann ar son neamhspleáchais arbh ó Ráth Bhile é. I Ráth Bhile a chaith sé a óige agus d’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Ráth Bhile. I mbliain a 1919, in aois a 17 mbliana dó, bhí sé ina mhac léinn liachta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus an-ghealladh faoi. Cuireadh chun báis é an bhliain dár gcionn as an bpáirt a ghlac sé in ionsaí Poblachtánach ar leoraí míleata i mBaile Átha Cliath. Cuimhnítear ar Chaoimhín de Barra i mbailéad Éireannach iomráiteach a cumadh faoina ainm, agus i leacht cuimhneacháin maorga atá ina sheasamh i lár an tsráidbhaile.

Lasmuigh den sráidbhaile, tá Dolmain Bhaile Eireoil, a dtugtar ‘Uaigh an Fhathaigh’ uirthi uaireanta, ar sampla dearscnaitheach d’oidhreacht réamhstairiúil an Oirthir Ársa í.

De réir seanchais, chaith fathach an dolmain ina háit agus tá lorg a láimhe fós le feiceáil istigh faoin liag mhullaigh.

De réir seanchais, thíos faoi mhóta Ráth Bhile a bhí teach cónaithe Rí Crimhthann 443-483 AD. Na Normannaigh a thóg an móta agus sampla breá d’oidhreacht mheánaoiseach an Oirthir Ársa is ea é. Aon mhíle amháin lasmuigh den sráidbhaile taobh le bóthar Bhaile Haicéid atá sé.

Fuarán nádúrtha agus leac mhór chothrom in airde air atá i dTobar Phádraig. Sin é an áit ar bhaist Naomh Pádraig, éarlamh náisiúnta na hÉireann, Rí Crimhthann, i mbliain a 450 AD, agus tá sé taobh le cosán ársa aifrinn i gceann Lána an tSéipéil.

An muileann arbhair ag an droichead trasna na Sláine, tógadh sa 16ú haois é chun arbhar agus coirce a mheilt. An roth uisce nua, tá sé ag teacht le tábhacht shóisialta agus eacnamaíoch an fhoirgnimh álainn seo.

Chuir muintir Bunbury fúthu sa cheantar sa 17ú céad agus thógadar Teach Lios na bhFiadh ina dhiaidh sin sna 1840í. Faoina thúiríní, tá sé ar cheann de na tithe móra de chuid na hAthbheochana Gotaí is breátha in Oirthear Ársa na hÉireann. Bíonn sé ar oscailt laethanta áirithe.

Osclaíodh Séipéal Naomh Pádraig i mbliain a 1887 agus is é William Hague a dhear é sa stíl Ghotach. Rinneadh Séipéal Mhuire, ina bhfuil fuinneoga daite suntasacha, a atógáil i mbliain a 1751 ar láthair an tséipéil mheánaoisigh a bhí ann roimhe agus cuireadh an spuaic air i mbliain a 1893.

Cuid de ghnéithe bunaidh Stáisiún Traenach GS&W, a osclaíodh i mbliain a 1886, tá siad fós ann inniu. Dúnadh an líne i mbliain a 1959.