Tigh na hInse, Gráig na Manach agus Inistióg (K-N) – Gaelige

Tigh na hInse, Gráig na Manach agus Inistióg (K-N) – Gaelige

Tús na Siúlóide: Tigh na hInse

Seirbhísí: Tigh na hInse, Gráig na Manach agus Inistióg

Fad/Am: 17km/tuairim is 5 huaire

Deacracht: Measartha go deacair

Tír-raon: Conairí foraoise, cosáin leirge agus mionbhóithre

Ard: 490 méadar

In oiriúint do: Siúlóirí a bhfuil taithí acu

Íosmhéid giair: Buataisí fánaíochta, eadaí báistí, deoch, sneaiceanna agus fón póca

Léarscáileanna SOÉ: OSI Discovery Series 68, 75 agus 76. The Blackstairs, Mount Leinster agus the Barrow Valley ó East West Mapping www.eastwestmapping.ie

An cineál conaire: Conair Shlímharcáilte Náisiúnta – saighead bhuí ar chúlra dubh

Seirbhísí Éigeandála: 999 nó 112

Ríomhphost teagmhála: secretar@carlowcoco.ie

 

Is ionaid móréilimh bádóireachta iad Tigh na hInse ar thaobh Cheatharlach den Bharúin agus Gráig na Manach ar thaobh Chill Chainnigh. Léiríonn an carachtar atá acu am atá thart nuair ba phointe fócais tábhachtach é an ceantar do thrácht tráchtála ar an abhainn. Tá an dá bhaile nasctha ag droichead álainn a tógadh in 1767 nuair a bhí an córas canála á thógáil.

Bunaíodh ceann de na mainistreacha Cistéirseacha is breátha in Éirinn anseo ag William Marshal a bhí ina Thiarna Laighean tar éis dó iníon Strongbó, Aoife de Clare, a phósadh. Tugadh Mainistir an Dubhuisce air ón sruthán a ritheann in aice láimhe. Athchóiríodh an séipéal in 1974-80 agus tá meánlann agus saingeal ann le pasáistí ar gach taobh. Féach ar an tsamhail den bhunlonnú mainistreach taobh istigh den séipéal le samhlú i bhfírinne an cruth a bhí ar an séipéal nuair a chónaigh na manaigh ann. Bhí an chéad mhainistreach suite ar chúig acra. Tá dhá ardchros bheaga eibhir sa reilig ó dheas den saingeal. B’uirlisí tábhachtacha oideachais iad sin ag an am le scéalta orthu de shuntas luathbhíobalta.

Tógadh Caisleán Thigh na hInse thart ar 1615 ag Séamus de Buitléir a chaill a chuid tailte ina dhiaidh sin mar gheall ar an bpáirt a ghlac sé i gCogadh na Comhdhála 1641.  Tógadh é chun crosaire a rialú, áit ar shín droichead adhmaid trasna na Bearú tráth. Dódh an caisleán thart ar 1700 agus fágadh sa riocht sin é uaidh sin amach.

K-L: Cas isteach i nGráig na Manach thar an droichead agus ansin cas ar chlé suas lána caol. Bain bóthar níos airde amach agus coinnigh ar chlé. Tar éis achar gearr, cas ar dheis agus isteach in cul-de-sac beag. Trasnaíonn an bealach ansin thar phríomhbhóthar agus leanann sé ar aghaidh ar mhionbhóthar ar an taobh thall. Tar éis 50 méadar, cas ar chlé isteach i lána a théann suas go socair le radhairc bhreátha thar Ghleann na Bearú.

L-M: Téigh isteach san fhoraois agus coinnigh ort ag dreapadh in éadan na mala ar bhóithre foraoise. Gan mhoill tá an rogha agat Siúlóid Lúbtha Chnoc Bhréanail a leanúint agus radhairc bhreátha a fheiceáil uaithi. Cuirfidh sin 10 ciliméadar ar an tsiúlóid agus teastóidh tuairim is 3 huaire bhreise sula n-athnasctar le Slí Laighean Theas níos faide anonn. É sin, nó lean na bóithre foraoise suas agus timpeall chliatháin Chnoc Bhréanail. Is féidir malairt slí ghearr a dhéanamh chun cuairt a thabhairt ar Thobar Freney. Tar éis roinnt ciliméadar, téann na bóithre foraoise le fána le dul amach as an bhforaois, ag féachaint amach ar Ghleann na Feoire agus Inis Tíog.

M-N: Téigh síos ar na conairí chun bóthar tarmac a bhaint amach gar do Shéipéal Chill Chros. Tá an fánán deiridh go Droichead Inis Tíog síos lána géar.

Prionsabail Ná Fág Rian

  • Déan plean roimh ré agus ullmhaigh
  • Bí cásmhar le daoine eile
  • Léirigh meas ar ainmhithe agus ar fhiabheatha
  • Taisteal agus campáil ar thalamh láidir
  • Ná tóg aon rud ón áit
  • Faigh réidh le bruscar i gceart
  • Íoslaghdaigh tionchar na tine

Tá sé an-éasca eitic “Ná Fág Rian” a chleachtadh. Bíodh sé deacair do dhaoine eile tú a fheiceáil agus a chloisteáil agus ná fág rian de do chuairt.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com