Fáilte go Balana, áit a bhfuil cúlra drámatúil curtha ar fáil ag Na Staighrí Dubha agus ag Sléibhte Chill Mhantáin leis an sráidbhaile tuaithe, gleoite seo. Agus é suite i gcroílár Oirthear Ársa na hÉireann, tá an sráidbhaile neadaithe ag bun Chnoc Bhalana, agus tá radhairc iontacha ar fáil ar an tuath glas, torthúil mórthimpeall ón gcnoc de 450 troigh ar airde.
Téann stair Bhalana i bhfad siar fadó fadó, mar nochtadh le tochailtí seandálaíochta sa cheantar prócaí adhlactha maisithe áille ag dul siar go dtí tréimhse na Cré-umhaoise (2500-500 RCh), rud a thugann le tuiscint go raibh Balana ina áit an-tábhachtach lá den saol. Ar ndóigh, de réir an tseanchais ba áit adhlactha é d’Ardrí na hÉireann, Cathair Mór, a fuair bás i 177 AD.
Tá an tírdhreach thart ar Chnoc Bhalana lán de shéadchomharthaí ársa lena n-áirítear mótaí agus bhábhúin, liosanna, galláin agus toibreacha naofa.
Forbraíodh sráidbhaile Bhalana thart ar Eastát Bhaile Uí Chaollaí, áit chónaithe mhuintir Lecky ó 1649, nuair a dheonaigh Oilibhéar Cromail na tailte dóibh. Cé go raibh siad ina gcuid d’aicme na dtiarnaí talún, bhí an-mheas ag muintir na háite ar mhuintir Lecky. Rinne an teaghlach tionscnaimh chun iarmhairtí uafásacha an Ghorta Mhóir de 1845-50 a mhaolú.
Tá an teach álainn ón Athbheochan Ghotach a thóg muintir Lecky i 1830 fós ina sheasamh, in aice le reilig teaghlaigh mhuintir Lecky ag Baile Uí Chaollaí.
Ar an aimsir seo, is cúis bróid don phobal oidhreacht shaibhir an tsráidbhaile agus cáilíocht na n-áiseanna a fheabhsú do dhaoine áitiúla agus do chuairteoirí araon. Thaifead an pobal a lán de na scéalta iontacha lena ndéantar forbairtí polaitiúla agus cultúrtha a chomóradh, ar bhonn áitiúil agus náisiúnta araon.
Is féidir cuid mhór de na scéalta sin a fhiosrú ar Rian Oidhreachta Bhalana a imíonn ón áit seo agus lena n-áirítear aon láithreán déag ar fud an tsráidbhaile, atá marcáilte go soiléir le plaiceanna léirmhínitheacha.
Tá rian crann ann ina bhfuil dhá speiceas déag de chrainn dhúchasacha Éireannacha ina ngné agus tosaíonn sé ó Shiúlbhealach Naoimh Peadar & Pól. Is féidir bróisiúr le faisnéis ar an dá rian a bhailiú ag an bpointe eolais do chuairteoirí (VIP) sa Siopa Glas ar an bPríomhshráid.
Cuireadh an clár léarscáile seo ar fáil ag Comhairle Contae Cheatharlach i gcomhar le Grúpa Feabhsaithe Bhalana agus le Turasóireacht Cheatharlach.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com
Balana – Stór na Seandálaíochta
Ó 2200 RCh bhí Cnoc Bhalana ina phríomhláthair le haghaidh adhlacthaí in oirdheisceart na hÉireann agus de réir dealraitheachta ba cheann de na láithreáin adhlactha ba thábhachtaí é i dtréimhse na Cré-umhaoise luaithe ar an oileán seo. Tá an cnoc a sheasann 450 troigh os cionn leibhéal na farraige comhdhéanta de chloch eibhir atá cumhdaithe ag aolchloch agus ansin ag clúdach gainimh agus cré.
Seasann a chruth cónúil aonfhoirmeach amach ón mhá réidh timpeall air agus dá bhrí sin is cosúil go raibh a láthair tarraingteach do dhaoine sa tréimhse sin. Is rud uathúil é ar bhonn náisiúnta, agus aithnítear é go stairiúil mar stór na seandálaíochta.
De réir dealraitheachta tógadh trí leacht adhlactha ar an gcnoc le linn thréimhse na Cré-umhaoise luaithe.
Nochtadh le tochailtí freisin 24 shoitheach potaireachta ar a laghad ón gCré-umhaois luath a bhain le tórraimh mar aon le 28 n-adhlacadh ar a laghad, cé go bhfuil an líon fíor i bhfad níos mó ná sin gan amhras. Mar gheall ar na nithe a aimsíodh cuirtear Cnoc Bhalana ar chomhchéim le Teamhair i gContae na Mí, ceann de na reiligí is mó cáil ón gCré-umhaois in Éirinn, i dtéarmaí soithí a bhaineann le tórraimh agus adhlacthaí a aimsíodh.
Ba iontach na rudaí a aimsíodh nuair a smaoiníonn tú go ndearnadh na hoibreacha ar an gcnoc chun na soithí potaireachta a aimsiú níos mó ná 160 bliain ó shin agus i bhfad roimh ghlacadh leis na modhanna eolaíochta de thochailt seandálaíochta. Faoi na 1850í bhí Cnoc Bhalana i seilbh mhuintir Lecky ó Theach Bhaile Uí Chaollaí in aice láimhe. Sna blianta roimh na tochailtí, cuireadh tús le cairéalú agus le cur crann ar an gcnoc agus mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin nochtadh prócaí, crocaí agus pannaí ar fud an chnoic.
I 1853, chuir J. Richardson Smith, deartháir céile le húinéir Theach Bhaile Uí Chaollaí ag an am sin, John James Lecky, tús le “tochailtí” ar Chnoc Bhalana mar iarracht chun prócaí a aisghabháil a bhí á n-aimsiú ansin mar a chuala sé.
Dheonaigh mac le J.Ricahardson Smith trí chinn de na soithí potaireachta do Mhúsaem na Breataine i 1920 agus bhronn an Coirnéal Beauchamp Lecky seacht bpróca déag agus go leor earraí cré-umha ársa d’Ard-Mhúsaem na hÉireann i 1928.
Nochtadh rud spéisiúil iontach eile i 1997 nuair a fuair Músaem Contae Cheatharlach pacáiste sa phost ina raibh trí dhéantán bhreise eile ó na tochailtí. Sa phacáiste bhí dhá chloch snasta, agus ceann rásúir, i mbosca bronntanais a fuair bean in East Sussex, i Sasana, agus í ag glanadh amach a tí. Bhí tábhacht mhór ag baint le haisghabháil gan choinne na ndéantán sin mar is ionann iad gan amhras agus na nithe is tábhachtaí arna n-aimsiú ag Richardson Smith le linn na dtochailtí dá chuid. Is féidir iad a fheiceáil i Músaem Contae Cheatharlach i lár Bhaile Cheatharlach.
Le haghaidh faisnéis bhreise a fháil féach Tuarascáil Seandálaíochta Chnoc Bhalana, www.carlowhistorical.com
Cuireadh an clár léarscáile seo ar fáil ag Comhairle Contae Cheatharlach i gcomhar le Grúpa Feabhsaithe Bhalana agus le Turasóireacht Cheatharlach.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com