Cosán Oidhreachta Bhaile na Buiríse
Sa Bhuiríos Íochtair tá an seanteach scoile Caitliceach agus Séipéal Caitliceach an Chroí Rónaofa mar a bhfuil sráid-dreach a tógadh sa 19ú céad, ar beag athrú atá déanta air anuas go dtí lá inniu.
Bean de Buitléar, Nic Mhurchadha Chaomhánach roimh phósadh di, a thóg an seanteach scoile Caitliceach i mbliain a 1832. Foirgneamh Túdarach Gotach is ea é seo ina bhfuil dhá urlár, cúig bhá, slí isteach starrach and túr maorga déanta d’eibhear.
Faoin mbliain 1837, bhí an scoil ag friotháil ar 150 buachaill agus 90 cailín agus muintir Mhic Mhurchadha Chaomhánaigh ag déanamh ranníoca as costais reáchtála na scoile.
Leabharlann na Buiríse atá anois ann, agus tá raon seirbhsísí ar fáil do chuairteoirí ann, pointe eolais do chuairteoirí agus rochtain ar WiFi san áireamh.
In aice an tí scoile tá Séipéal Caitliceach an Chroí Rónaofa, ar thug muintir Mhic Mhurchadha Chaomhánaigh a láthair. I mbliain a 1820 a tógadh é ar chostas £2,000, agus méadaíodh é i mbliain a 1896.
D’eibhear atá aghaidh an tséipéil déanta agus tá maisiúcháin d’aolchloch air mar aon le doras stuach Rómhánúil.
Bíonn Féile na Buiríse ar siúl fós ar 15 Lúnasa gach bliain. Seoid dhathannach chultúrtha í sin nach bhfuil a leithéid le fáil in aon áit eile seachas Oirthear Ársa na hÉireann. Tá an fhéile ar siúl ó na Meánaoiseanna i leith, agus tagann an lucht siúil le chéile gach bliain ann chun capaill a thrádáil.
Tá Club Gailf na Buiríse sa cheann theas den bhaile. I mbliain a 1907 a bunaíodh é agus rinne William Mac Murchadha Caomhánach an fearann a ligean ar léas leis an gclub. Tá sé ar na clubanna gailf is sine in Éirinn agus tá a chomhaltas ag rathú agus ag méadú.
Tá cosán caoithiúil amach as an gceann theas den Bhuiríos i dtreo Tharbhealach na Buiríse agus an siúlán.
Teach na Buiríse
Na cuairteoirí a thiocfaidh go dtí Teach na Buiríse, tabharfar turas timpeall an tí dóibh, feicfidh siad scannán mar gheall ar stair mhuintir Mhic Mhurchadha Chaomhánaigh agus Theach na Buiríse, féadfaidh siad siúl timpeall Ghairdín an Lása, cuairt a thabhairt ar an neachtlann Victeoiriach athchóirithe agus Siúlán na Coille a dhéanamh feadh Shruthán an tSléibhe. Gheobhaidh tú dátaí agus uaireanta oscailte ach dul isteach i www.borrishouse.com
Muintir Mhic Mhurchadha Chaomhánaigh a thóg an chuid is mó den Bhuiríos Uachtair. Ó Dhiarmuid Mac Murchadha, Rí Laighean, a shíolraíodar go díreach. Tá foirgnimh eibhir iomadúla ann a tógadh sa 19ú céad agus astu sin a ghlaoitear ‘Baile an Eibhir’ ar an mbaile.
I lár an chuid seo den bhaile, tá an lóiste agus an geata isteach i dTeach na Buiríse, arb eiseamláir an ‘Tí Mhóir’ Éireannaigh é. Roghnaíodh an láthair sa Bhuiríos go cúramach; i lár na Staighrí Dubha, ar thalamh ard in aice na bpríomhshlite cumarsáide trí Oirthear Ársa na hÉireann agus tá an teaghlach ina gcónaí ann ón 15ú céad i leith. Richard agus William Vitruvius Morrison, ailtirí Éireannacha, a dhear an lóiste i c.1817.
Os comhair an lóiste, agus céimeanna aníos go dtí an doras tosaigh ann, tá Teach na gCéimeanna. Tá sé ina óstán anois ach tógadh an teach seo i mbliain a 1808 mar theach cónaithe príobháideach. Tá cuid mhór de na foirgnimh chónaithe ar an taobh seo den tsráid tógtha de réir na stíle Túdaraí Gotaí.
Lastuaidh de Theach na gCéimeanna tá Faiche an Aonaigh, ball lárnach a d’úsáidtí i gcomhair margaí agus aontaí fadó. Ar an taobh Thuaidh d’Fhaiche an Aonaigh tá an scoil Phrotastúnach. Tógadh an teach scoile cúig bhá i mbliain a 1835 ar iarratas na Bantiarna Harriet Nic Mhurchadha Caomhánaí. Sampla é seo de dhea-mhéin neamhchlaon an teaghlaigh a chuir láithreacha ar fáil i gcomhair na scoile Caitlicí agus an tséipéil Chaitlicigh chomh maith céanna.
I mbliain a 1850 a tógadh seanbheairic na bpóilíní, atá tamall beag ó thuaidh, agus b’in í ionad oifigiúil an dlí agus na síochána ar an mbaile. Na hIostáin Uachtair a thugtar ar an tsraith iostán sa cheann thoir thuaidh den Bhuiríos agus is iontu a chónaíodh mórán de na fostaí a bhíodh ag obair i dtionscal Lása na Buiríse, tionscal a chuir an Bhantiarna Harriet Chaomhánach ar bun. Chun fostaíocht agus, ina theannta sin, bia a sholáthar dá tionóntaí a bhunaigh sí é i ndiaidh bhlianta anróiteacha an Drochshaoil. Tháinig cáil idirnáisiúnta ar Lása na Buiríse nuair a choimisiúnaigh rítheaghlaigh na Breataine agus na Rúise baill lása uaidh. Is é a mac Art Mac Murchadha Caomhánach a dhear agus a thóg na hiostáin seo d’oibrithe an eastáit, agus bhuaigh na hiostáin duais ó Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.
Sa cheann theas de bhaile na Buiríse tá Tarbhealach na Buiríse trasna ar ghleann Abhainn an tSléibhe agus tá sé stua dhéag ann. Tá an tarbhealach ar cheann de na samplaí is dearscnaithí den oidhreacht thionsclaíoch in Oirthear Ársa na hÉireann. Art Mac Murchadha Caomhánach ó Theach na Buiríse, láimh leis an áit, a choimisiúnaigh an tarbhealach chun an t-iarnród a thabhairt chomh fada leis an bPailís Thoir i Loch Garman. Osclaíodh é i mbliain a 1860, agus chosain sé £20,000, agus thóg sé dhá bhliain chun é a thógáil.
Tharraing tógáil an tarbhealaigh saothraithe as na ceantair máguaird, agus as áiteanna chomh fada ó bhaile le Baile Átha Cliath. Shiúladh deartháireacha Hughes gach lá go dtí an obair ar an tarbhealach agus abhaile uaithi go dtí a dteach in aice le Balana, Contae Cheatharlach, turas tríocha éigin míle ann agus ar ais.
Saothar ollmhór ab ea an tógáil agus bhí innealtóirí, scoiltirí cloch a scoilteadh an chloch ar feadh éasclínte nádúrtha, snoíodóirí cloch a ghearradh agus a chóiríodh an chloch chun go mbeadh sí ullamh lena húsáid, carraeirí a d’iompraíodh an chloch go dtí an láithreán agus saothraithe ag obair air.
Is mór an t-iontas gur críochnaíodh an obair le gan ach galchrann tógála a úsáid agus is beag innealra eile in aon chor a úsáideadh. Tá na stuanna 40 troigh ar airde ar meán.
An traein dheireanach a rith ar an líne ná traein speisialta a cuireadh ar fáil i gcomhair Fhéile na Buiríse an 25 Márta 1963.
Táthar tar éis clár fairsing athnuachana a dhéanamh ar an tarbhealach anois, trínar deineadh siúlán álainn poiblí, agus láthair phicnicí agus boird ina theannta, den chonair nárbh fhéidir siúl uirthi go dtí sin.
Tá pleananna fairsinge ar bun chun an siúlán seo a shíneadh amach ó thuaidh agus ó dheas.
Tá siúlán Tharbhealach na Buiríse ina chuid de ghréasán de shiúlóidí trí thírdhreach méith Oirthear Ársa na hÉireann agus ceanglaíonn sé siúlóid shlímharcáilte Abhainn na Bearú de chonair fánaíochta fad-achair Shlí Laighean Theas.