Tús na Siúlóide: Na Naoi gCloch
Seirbhísí: Cill Damháin, Bun Clóidí, An Bhuiríos agus Míseal
Fad/Am: 10.6km/tuairim is 3 huaire
Deacracht: Éasca
Tír-raon: Conairí foraoise, cosáin leirge agus mionbhóithre
Ard: 20 méadar
In oiriúint do: Siúlóirí nua nó siúlóirí a bhfuil taithí acu
Íosmhéid giair: Buataisí fánaíochta, eadaí báistí, deoch, sneaiceanna agus fón póca
Léarscáileanna SOÉ: OSI Discovery Series 68, 75 agus 76. The Blackstairs, Mount Leinster agus the Barrow Valley ó East West Mapping www.eastwestmapping.ie
An cineál conaire: Conair Shlímharcáilte Náisiúnta – saighead bhuí ar chúlra dubh
Seirbhísí Éigeandála: 999 nó 112
Ríomhphost teagmhála: secretar@carlowcoco.ie
Soláthraíonn láthair amhairc na Naoi gCloch radharc gan sárú de thuath shaibhir ildaite Cheatharlach sínte amach mar thaipéis os do chomhair. Is féidir ocht gcontae a fheiceáil ón láthair seo – Ceatharlach, Laois, Cill Dara, Cill Mhantáin, Loch Garman, Port Láirge, Cill Chainnigh agus Sléibhte Thiobraid Árainn, agus, ar lá geal, cósta na Breataine Bige san oirthear. Ar thaobh íochtair an bhóthair, feicfidh tú líne de naoi gcloch bheaga sa talamh. Deirtear go bhfuil siad ann chun naonúr aoirí a cailleadh ar Stua Laighean le linn stoirm gheimhridh fadó a chomóradh, agus go dtagann ainm na láithreach amhairc uaidh sin.
Tá réimsí fairsinge foraoisí sa cheantar ar le Coillte iad, cuideachta foraoiseachta tráchtála na hÉireann, ina bhfuil sprúis, learóga agus giúiseanna go príomha.
Is é Stua Laighean pointe is airde na Staighrí Dubha croí-eibhir, atá 795 méadar ar airde. Seanainm amháin ar Stua Laighean ná Suidhe Laighen a chiallaíonn “ionad nó áit chruinnithe fhir Laighean”. Ag an mullach feicfidh tú seanleacht i bhfoirm carn mór.
Théadh na daoine a chónaigh sna réigiúin seo c. 5,000 bliain ó shin sa tóir ar mhullaí cnoic chun baill thábhachtacha dá bpobal a adhlacadh agus a chomóradh ann. Tarchuireann an crann ar bharr teilifís agus raidió náisiúnta (RTÉ) don réigiún.
Is sclátaí iad na carraigeacha nochta thart ar na Naoi gCloch, ag buanú leabaí grianchloichíte agus láibchloiche. Tá siostaí nochta ar an Sliabh Bán agus ar Thuaim Dhubh atá in aice láimhe. Is Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LCS) ainmnithe faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón AE iad na Staighrí Dubha mar gheall ar a réimsí fairsinge d’fhraochmhá tirim.
Is baile Seoirseach taitneamhach eibhir é an Bhuiríos atá lán le hoidhreacht, neadaithe i ngleann torthúil na Bearú.
E-F: Coinnigh ort ar an mbóthar ó charrchlós na Naoi gCloch a théann síos go socair thar dhá dhíol suntais shonracha: an Charraig Bhán ar dheis agus níos faide anonn Teach Scabby ar chlé díreach tar éis an ghráta eallaigh. Bain Crosbhóthar Thuaim Dhubh amach.
F-G: Ag Crosbhóthar Thuaim Dhubh, téigh díreach trí dhá acomhal crosbhóthair. In aice láimhe tá leacht Páirc an Champa, Tuaim Dhubh, inar bhailigh fórsa mór le chéile le linn éirí amach 1798. Coinnigh ort le fána ar bhóthar tarmac chun T-acomhal Chrosbhóthar an Chaisil a bhaint amach. Cas ar dheis achar gearr agus ansin ar chlé ar mhionbhóthar.
G-H: Ó Chrosbhóthar an Chaisil, leanann an bóthar le fána. Fan ar chlé ag an gcéad acomhal eile agus téigh le fána chun Crosbhóthar Chnoc an Spá a bhaint amach, áit a gcasann tú ar dheis. Titeann an bóthar go luath ar an bhfánán deiridh go sráidbhaile na Buiríse. Feictear Tarbhealach na Buiríse, atá as úsáid ach mórthaibhseach, a tógadh in 1860 chun Mór-Iarnród an Deiscirt agus an Iarthair a iompair ó Mhuine Bheag go dtí an Phailís Thoir i gContae Loch Garman. Forbraíodh siúlóid 3.5km ag Bailte Slachtmhara na Buiríse faoi agus thart ar an sean-tarbhealach iarnróid le radhairc mhillteanacha siar chuig na Staighrí Dubha agus Stua Laighean.
Prionsabail Ná Fág Rian
- Déan plean roimh ré agus ullmhaigh
- Bí cásmhar le daoine eile
- Léirigh meas ar ainmhithe agus ar fhiabheatha
- Taisteal agus campáil ar thalamh láidir
- Ná tóg aon rud ón áit
- Faigh réidh le bruscar i gceart
- Íoslaghdaigh tionchar na tine
Tá sé an-éasca eitic “Ná Fág Rian” a chleachtadh. Bíodh sé deacair do dhaoine eile tú a fheiceáil agus a chloisteáil agus ná fág rian de do chuairt.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com