Tá Ráth Thuaidh suite i gcroílár Oirthear Ársa na hÉireann, agus is sráidbhaile gleoite é a bhfuil clú air mar gheall ar amhrán an Bharda Val Vousden, ‘The Roads Around Rathoe’. Is dócha go dtagann a logainm as an ‘Ráth Thuaidh’ a bhí ann nó ‘Northern Fort’ chun ciall an Bhéarla a thabhairt air.
Laistigh den pharóiste, ag an gCaisleán Mór, tá fothrach móta agus bábhúin ó ré na Normannach le fáil dhá mhíle ó thuaidh de. Is dócha gur tógadh é ar láithreán an rátha a bhí ann níba luaithe agus tá sé fós ann agus cruth tulaí móire air. Is féidir radhairc a fháil ar an móta ó thaobh an bhóthair.
Tógadh an móta agus bábhún seo do dheirfiúr Strongbow, Basilia, agus dá céile cumhachtach, Raymond le Gros ag deireadh na 1100í. Bhí siad ina gcuid de bhaile Normannach níos mó a tréigeadh go luath sa 15ú haois.
Sa lá atá inniu ann, is iad Halla Ráth Thuaidh agus Eaglais Naomh Pádraig an dá ghné seandálaíochta príomhúla sa sráidbhaile. Tógadh Halla Ráth Thuaidh i 1837, tréimhse ghairid tar éis an Achta um Fhuascailt na gCaitliceach lenar ligeadh do thógáil scoileanna náisiúnta Caitliceacha, agus bhí sé in úsáid mar bhunscoile le haghaidh 131 bhliain, go dtí gur dúnadh é i 1968. Faoi láthair úsáidtear an foirgneamh mar halla pobail agus ionad spóirt.
Tá Eaglais Naomh Pádraig (tógtha i 1890) suite ar láithreán eaglaise ceann tuí níos sine a bhí suite ansin le haghaidh 100 bliain go dtí gur dódh í le linn Éirí Amach 1798. Chun freastal ar an gcuallacht Chaitliceach úsáideadh eaglais ceann tuí le ballaí láibe idir 1798 agus 1890. Tá fuinneog gloine dhaite álainn arna déanamh ag Stiúideo mór le rá Early’s i mBaile Átha Cliath os cionn na haltóra.
Agus iad tógtha sna 1930í, léirítear Teachtaireacht an Aingil, Céasadh Chríost agus an tAiséirí sna painéil. Aistríodh an t-umar baiste ochtagánach ársa ó fhothrach Eaglais Theampall Pheadair in aice láimhe i 1990.
Cuireadh an clár léarscáile seo ar fáil ag Comhairle Contae Cheatharlach i gcomhar le Grúpa Pobail Ráth Thuaidh.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com