Tús na Siúlóide: Tigh na hInse
Seirbhísí: Tigh na hInse, Gráig na Manach agus An Bhuiríos
Fad/Am: 13.1km/tuairim is 3 huaire
Deacracht: Éasca
Tír-raon: Cosán tarraingthe cois na Bearú
Ard: 150 méadar
In oiriúint do: Siúlóirí nua
Íosmhéid giair: Buataisí fánaíochta, eadaí báistí, deoch, sneaiceanna agus fón póca
Léarscáileanna SOÉ: OSI Discovery Series 68, 75 agus 76. The Blackstairs, Mount Leinster agus the Barrow Valley ó East West Mapping www.eastwestmapping.ie
An cineál conaire: Conair Shlímharcáilte Náisiúnta – saighead bhuí ar chúlra dubh
Seirbhísí Éigeandála: 999 nó 112
Ríomhphost teagmhála: secretar@carlowcoco.ie
Is ionaid móréilimh bádóireachta iad Tigh na hInse ar thaobh Cheatharlach den Bharúin agus Gráig na Manach ar thaobh Chill Chainnigh. Léiríonn an carachtar atá acu am atá thart nuair ba phointe fócais tábhachtach é an ceantar do thrácht tráchtála ar an abhainn. Tá an dá bhaile nasctha ag droichead álainn a tógadh in 1767 nuair a bhí an córas canála á thógáil.
Bunaíodh ceann de na mainistreacha Cistéirseacha is breátha in Éirinn anseo ag William Marshal a bhí ina Thiarna Laighean tar éis dó iníon Strongbó, Aoife de Clare, a phósadh. Tugadh Mainistir an Dubhuisce air ón sruthán a ritheann in aice láimhe. Athchóiríodh an séipéal in 1974-80 agus tá meánlann agus saingeal ann le pasáistí ar gach taobh. Féach ar an tsamhail den bhunlonnú mainistreach taobh istigh den séipéal le samhlú i bhfírinne an cruth a bhí ar an séipéal nuair a chónaigh na manaigh ann. Bhí an chéad mhainistreach suite ar chúig acra. Tá dhá ardchros bheaga eibhir sa reilig ó dheas den saingeal. B’uirlisí tábhachtacha oideachais iad sin ag an am le scéalta orthu de shuntas luathbhíobalta.
Tógadh Caisleán Thigh na hInse thart ar 1615 ag Séamus de Buitléir a chaill a chuid tailte ina dhiaidh sin mar gheall ar an bpáirt a ghlac sé i gCogadh na Comhdhála 1641. Tógadh é chun crosaire a rialú, áit ar shín droichead adhmaid trasna na Bearú tráth. Dódh an caisleán thart ar 1700 agus fágadh sa riocht sin é uaidh sin amach.
A-B: Tosaigh an tsiúlóid ar thaobh Cheatharlach den droichead agus cas ar chlé go dtí an cosán tarraingthe, ag fágáil na báirsí feistithe feadh na gcéanna eibhir agus na seantithe mórthaibhseacha stórais i do dhiaidh. Lean an cosán tarraingthe trí ghleann géar faoi chrainn chun Loc Bhaile Uí Chianáin a bhaint amach. Coinnigh ort ag leanúint na saighead buí, ag déanamh neamhairde de na siúlóidí áitiúla lúbtha a chasann ar dheis in éadan na mala anseo. Tá fothrach Chaisleán Clohastia ar an taobh deas trasna na habhann, ceann den iomaí caisleán Normannach a tógadh chun loingseoireacht agus trasnú na Bearú a rialú. Bain amach cora agus loc taibhseach móréilimh Chlais Ghainimh, a bhfuil rochtain bóthair ann.
B-C: Tar éis duit sos a thógáil chun Clais Ghainimh a thaiscéaladh agus meas a léiriú uirthi, coinnigh ort ó thuaidh go dtí an cosán tarraingthe. Is iad loc agus cora Bhaile an Gharráin an chéad díol suntais eile duit. Beagán níos faide ar aghaidh brostaíonn Abhainn an tSléibhe isteach ó thaobh na láimhe deise tar éis an t-achar gearr a thaisteal óna foinse ag Stua Laighean. Tá reilig shinsearach mhuintir Mhic Mhurchadha Chaomhánaigh in aice láimhe. Coinnigh ort thar Loc na Buiríse chun carrchlós beag agus cé cois abhann ag Droichead Bhaile Thaidhg Léith a bhaint amach. Fág an Bhearú anois, ag casadh ar dheis agus in éadan na mala chun príomhbhóthar a bhaint amach.
C-D: Cas ar dheis in éadan na mala tar éis Dhroichead Bhaile Thaidhg Léith agus lean an bóthar gnóthach sin go cúramach chun crosbhóthar a bhaint amach. Cas ar dheis agus lean an príomhbhóthar R702 ar ais go baile na Buiríse. Coinnigh súil amach do gheataí Theach stairiúil na Buiríse ar thaobh na láimhe deise, ionad mhuintir Mhic Mhurchadha Chaomhánaigh a bhí ina ríthe áitiúla Laighean tráth.
Prionsabail Ná Fág Rian
- Déan plean roimh ré agus ullmhaigh
- Bí cásmhar le daoine eile
- Léirigh meas ar ainmhithe agus ar fhiabheatha
- Taisteal agus campáil ar thalamh láidir
- Ná tóg aon rud ón áit
- Faigh réidh le bruscar i gceart
- Íoslaghdaigh tionchar na tine
Tá sé an-éasca eitic “Ná Fág Rian” a chleachtadh. Bíodh sé deacair do dhaoine eile tú a fheiceáil agus a chloisteáil agus ná fág rian de do chuairt.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com