Fáilte go hÁth na Muilte
Uaireanta is í an áit is ciúine ina mbíonn guth is glóraí na Staire.
Agus í folaithe i gcroílár Oirthear Ársa na hÉireann, is deacair a creidiúint go raibh an áit chiúin, ghleoite seo ina mol tionsclaíoch rathúil lá den saol. Agus foinse cumhachta shármhaith ar fáil sa Bhearú mar aon le rochtain ar phríomhchathracha na tíre trí líonra d’uiscebhealaí intíre, bhí Áth na Muilte ag croílár bhorradh muilleoireachta na hÉireann sa 19ú haois.
Agus cáil air anois mar cheann de na láithreacha is áille i gContae Cheatharlach, ba láithreán de thábhacht náisiúnta ollmhór an suíomh tuaithe seo lá den saol, mar suite ann bhí an láithreán muilleoireachta is mó in Éirinn roimh an nGorta Mór mar aon le roinnt de na foirgnimh tionsclaíocha is mó san Eoraip.
Cuireadh tús le scéal Áth na Muilte i 1784 nuair a ghlac John Alexander úinéireacht ar fhoirgneamh muilinn beag agus d’athraigh sé ainm an cheantair ó ‘Áth na gCos’ go hÁth na Muilte. Faoi 1810, bhí trí fhoirgneamh muilinn ollmhóra tógtha ar an láithreán, agus uchtbhallaí caisealacha suntasacha orthu go léir, an ghné is suntasaí ar an spéirlíne.
Tháirg na muilte cainníochtaí móra plúir, braiche agus min choirce do mhargaí intíre agus thar lear. Chomh maith le seasmhacht eacnamaíoch a sholáthar do níos mó ná 100 teaghlach sclábhaíochta áitiúil, tharraing rath Mhuilte Áth na Muilte saibhreas an-mhór agus aird pholaitiúil ar an láthair tuaithe seo. Mar gheall ar rath na muilte a bhí ag dul i méid bhí sé riachtanach an bonneagar áitiúil a fhorbairt, lenar áiríodh droichead Strongstream (1794), Beairic Chonstáblacht Áth na Muilte (1833), Stáisiún Traenach Áth na Muilte (1849) agus Oifig Phoist Áth na Muilte (1850).
Fuarthas cuspóir nua do Mhuileann Strongstream – an t-aon fhoirgneamh atá ina sheasamh go fóill – mar stáisiún giniúna hidrileictreachais agus bhí cáil idirnáisiúnta ar bhaile Cheatharlach i Mí Iúil 1891 mar an chéad bhaile intíre ina raibh soilsiú sráide in Éirinn agus sa Bhreatain.
Is stad álainn é anois feadh Bhealach na Bearú, agus is baile an suíomh tuaithe ciúin seo anois do raon éagsúil de ghnáthóga, de phlandaí agus d’ainmhithe, agus an corr réisc agus an cruidín le feiceáil go minic.
Cuireadh an clár léarscáile seo ar fáil ag Comhairle Contae Cheatharlach i gcomhar leis an Dr. Shay Kinsella, le cónaitheoirí áitiúla agus le Turasóireacht Cheatharlach.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com
Muintir Alexander as Áth na Muilte
Tá scéal Átha na Muilte fite fuaite le scéal mhuintir Alexander a bhí ina cónaí anseo le haghaidh níos mó ná dhá chéad bliain. De bhunadh na hAlbain, tháinig muintir Alexander chun na hÉireann le linn Phlandáil Uladh 1610. Thosaigh John Alexander I ar fhorbairt na himpireachta muilleoireachta dá chuid i 1784 agus ina dhiaidh sin cheannaigh sé eastát 2,000 acra in aice láimhe.
Ba thiarna talún ar a raibh meas Alexander a shábháil roinnt de na hoibrithe dá chuid as cur chun báis tar éis Éirí Amach 1798, agus bhí sé tiomanta d’Áth na Muilte a dhéanamh chomh dóighiúil agus a bhí sé táirgiúil, agus sraith leathan d’fheabhsúcháin á coimisiúnú aige maidir le bóithre, teachíní agus tírdhreacha agus thóg sé Teach Áth na Muilte i 1799.
Faoi na 1840í bhí muintir Alexander anois in uasaicmí na dtiarnaí talún i gCeatharlach.
Cuireadh John Alexander II in aithne don Bhanríon Victoria agus do Phrionsa Albert ag Caisleán Bhaile Átha Cliath le linn na cuairte stáit dá gcuid i 1849 agus toghadh é ina Bhall Parlaiminte do Bhuirg Cheatharlach i 1853.
Bhí gairmeacha míleata rathúla ag a lán ball den teaghlach, lenar áiríodh an Maorghinearál Henry Alexander, seansaighdiúir Chogadh na Crimé, dá mbronnadh bonn as a chion i Léigear Sevastopol.
Agus mar an éacht is suntasaí, bhí baint phearsanta ag an Maor John Alexander III i ngabháil Cetshwayo kaMpande, rí deireanach na Súlúch, i 1879.
Sa 20ú haois, ba dhaoine mór le rá an Maor John Alexander IV agus a bhean chéile Olive i measc lucht seilge an mhadra rua in Éirinn agus sa Bhreatain. Bhí Olive ina Máistir deireanach ar Ghadhair Sionnach Lucht Seilge Cheatharlach i 1965.
Rinne Ethel Alexander gaisce i 1899, nuair a d’éirigh sí ina céad bhean le bheith tofa d’oifig phoiblí (mar Chomhairleoir an Tuathcheantair).
Cuireadh deireadh le nasc Áth na Muilte le teaghlach a bhunaitheoirí in 2017 tar éis 233 bliana nuair a fuair John Alexander IV bás.
Gabhann Turasóireacht Cheatharlach buíochas leis an Dr. Shay Kinsella as a chuid eolais shármhaith ar stair Áth na Muilte a chomhroinnt le húsáid ar na comharthaí seo. Íomhánna de chúirtéis chartlann mhuintir Alexander, an Dr. Shay Kinsella agus Alan O’Reilly.
Cuireadh an clár léarscáile seo ar fáil ag Comhairle Contae Cheatharlach i gcomhar leis an Dr. Shay Kinsella, le cónaitheoirí áitiúla agus le Turasóireacht Cheatharlach.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com
Tionsclaíocht agus Talmhaíocht Áth na Muilte
Agus í folaithe i gcroílár Oirthear Ársa na hÉireann, is deacair a creidiúint go raibh an áit chiúin, ghleoite seo ina mol tionsclaíoch rathúil lá den saol. Agus foinse cumhachta shármhaith ar fáil sa Bhearú mar aon le rochtain ar phríomhchathracha na tíre trí líonra d’uiscebhealaí intíre, bhí Áth na Muilte ag croílár bhorradh muilleoireachta na hÉireann sa 19ú haois.
Áth na Muilte: parthas seachas áit ghnó.’ The Irish Times, 8 Samhain 1862.
Tógadh muileann plúir Áth na Muilte – an muileann ‘is mó agus is clúití’ in Éirinn – i 1790 agus bhí trádáil easpórtála ghnóthach ann le Stáit Aontaithe Mheiriceá, leis an Eoraip agus leis an Rúis.
Ghlac an teach braiche le coimisiún eisiach in 1833 chun braich a sholáthar do Ghrúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath.
Ba é an custaiméir is clúití de chuid Mhuileann Strongstream (a tógadh i 1789) ná Prionsa Albert – céile na Banríona Victoria, a cheannaigh níos mó ná 60 tona de mhin choirce de chuid Áth na Muilte don teaghlach Ríoga sna 1850í.
Thosaigh meathlú tionsclaíoch Áth na Muilte le hAisghairm Dhlíthe an Arbhair i 1846 agus chuir dóiteán uafásach deireadh le táirgeadh plúir ag an láithreán i 1862. Sa 20ú haois bhí teach braiche agus teanús sna foirgnimh a bhí fágtha agus stad gach gníomhaíocht thionsclaíoch i 1971, tar éis dóiteán eile i 1965.
Rinneadh an t-aon fhoirgneamh a bhí fágtha ar an láithreán – Muileann Strongstream – a athchruthú mar ghineadóir hidrileictreachais i 1891. Rinneadh é a choimisiúnú arís i 1990 chun sholáthar a dhéanamh don eangach náisiúnta, agus gintear leictreachas leis fós sa lá atá inniu ann.
Sa 20ú haois, bhí cáil idirnáisiúnta ar Áth na Muilte freisin as an mbeostoc ardchaighdeáin dá chuid. Bhunaigh an Maor John Alexander III tréad Aberdeen Angus de chuid Áth na Muilte i 1890.
Díoladh tairbh an tréada ar fud an domhain agus thug Rialtas na hÉireann ceann amháin acu don Phápa Eoin XXIII i 1963.
Bhunaigh an Maor John Alexander IV Graí Áth na Muilte i 1947, agus níorbh fhada gur éirigh sí ina foinse phríomhúil de chapaill rása do cheannaitheoirí idirnáisiúnta. I measc na gcuairteoirí tábhachtacha bhí Cecil Boyd Rochfort, traenálaí capall don Bhanríon Elizabeth II, don Aga Khan agus don iar-Thaoiseach Charles Haughey.
Cuireadh an clár léarscáile seo ar fáil ag Comhairle Contae Cheatharlach i gcomhar leis an Dr. Shay Kinsella, le cónaitheoirí áitiúla agus le Turasóireacht Cheatharlach.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com