
Cosán Oidhreachta Mhuine Bheag
I gcroílár Oirthear Ársa na hÉireann ar bhruach Abhainn na Bearú, an dara habhainn is faide in Éirinn, atá Muine Bheag. Ó mhuintir Bagnell atá a ainm Béarla, Bagnellstown, glaoite. Is anseo, taobh le sean-Teach Braiche Minch Norton, i gcóngar na canála a osclaíodh sna 1790í, atá tús ceann de na siúlóidí lúibe is suimiúla san Oirthear Ársa. Ritheann cuid den tsiúlóid faoin tuath cois na canála agus cuid eile di feadh shráideanna an bhaile. An cosán tarraingthe a ritheann feadh na habhann, leagadh ar dtús é chun go bhféadfadh capaill báirsí agus earraí a tharraingt lena n-iompar.
Ní túisce a bheidh tús na siúlóide curtha de ag an gcuairteoir ná go bhfeicfidh sé an leacht cuimhneacháin, atá ar an bhfaiche ar an taobh clé den bhóthar. Is leacht é seo a dhéanann comóradh ar na róil thábhachtacha a d’imir an tAthair Albert Bibby ó Mhuine Bheag agus Margaret Keogh banaltra ó Leithlinn an Droichid in aice láithreach, in Éirí Amach 1916. Ina theannta sin ar thaobh na láimhe clé, feicfear aghaidh mhaorga Theach na Cúirte, a dearadh ar dheilbh an Phartanóin san Aithin agus a thóg Philip Bagenal i mbliain a 1826.
Leabharlann phoiblí atá i dTeach na Cúirte anois agus cuirtear raidhse seirbhísí ar fáil don chuairteoir ann, eolas turasóireachta agus teacht ar Wi-Fi san áireamh.
Leanann an cosán tarraingthe go dtí Muileann Rudkin a thóg muintir Rudkin i mbliain a 1690 chun grán d’iompraítí leis an abhainn a phróiseáil. Bhíodh cosán ag rith idir an Muileann agus an baile ach, tar éis an sruth muilinn i gcomhair Mhuileann an Lóiste atá níos faide síos an cosán tarraingthe a leagan, is amhlaidh a fágadh Muileann Rudkin scoite amach in oileán leis féin.
Chuaigh muintir Rudkin ar imirce go Meiriceá agus bhunaíodar comhlacht bia-ábhar Pepperidge Farm ann, a forbraíodh ina ghnó ar fud na tíre a raibh breis is 4,000 fostaí aige.
Féadfaidh an cuairteoir leanúint air feadh an chosáin tharraingthe agus cuairt a thabhairt ar Eispéireas na Bearú at BEAM, sraith iontach uathúil de naoi gcinn de ghairdíní idircheangailte a dhéanann stair, seanchas agus oidhreacht Ghleann álainn na Bearú a thabhairt chun beochta (ní mór áirithint a dhéanamh chun é a fheiceáil). Tamall beag síos an cosán tarraingthe atá an droichead ardaithe agus an teach loca agus, i gcóngar Dhroichead na Darach Ríoga, tá Drioglann Fuisce Mhuintir Bhreatnaigh, is drioglann fuisce Éireannaigh neamhspleách den chéad scoth mar aon le hionad cuairteoirí.
Ina ionad sin, iompaigh ar chlé isteach sa bhaile feadh Lána na Bearú a thabharfaidh go dtí Páirc Fhaiche an Aonaigh thú, áit a bhfuil macasamhail thaibhseach eibhir de Chlaí Cheatharlach, gné uathúil ailtireachta a bhaineann le taobh tíre Cheatharlach agus nach bhfuil a leithéid le fáil in aon áit eile ar domhan. Tá sampla bunaidh de Chlaí Cheatharlach le fáil in aice le droichead an iarnróid i mBóthar na Buiríse.
Thionóltaí 12 fhéile in aghaidh na bliana anseo i gcaitheamh an 19ú haois nuair a bhíodh tuath Éireann ag brath ar an talmhaíocht.
Téigh trasna Fhaiche an Aonaigh go dtí Séipéal Mhuire a tógadh i mbliain a 1844 agus a bhfuil túr álainn air. Lean ort feadh Shráid an Teampaill trasna Shráid Chill Fhraoigh agus ar aghaidh go dtí Bóthar Theach an Stáisiúin agus tiocfaidh tú go dtí an stáisiún traenach breá nuachlasaiceach a tógadh i mbliain a 1846 d’eibhear agus d’aolchloch, ábhair a luaitear le ceantar Cheatharlach. Lean ort go dtí ceann Bhóthar Theach an Stáisiúin agus iompaigh ar chlé. Lean an bóthar seo go dtí Séipéal San Aindrias a osclaíodh i mbliain a 1820. Cuireadh an spuaic ghrástúil air i mbliain a 1893. Cas ar dheis isteach sa Pharáid os comhair Shéipéal San Aindrias agus lean an bóthar go dtí an abhainn.
Cas ar dheis feadh na canála agus ní fada uait ansin tús ceann de sheoda Oirthear Ársa na hÉireann.
Fad na siúlóide: 45 nóiméad/1 uair an chloig 15 nóiméad (de réir na slí a thógfar)
Deacracht: Furasta (siúl ar an gcothrom)