Rinneadh an logainm seo ‘Baile na mBreatnach’ a ghalldú mar ‘Ballinnabranna’ agus is í an chiall i mBéarla ‘Town of the Walshes’.
Tá Eaglais Chaitliceach Naomh Fionntán (a críochnaíodh i 1830) i lár an tsráidbhaile, agus is eiseamláir mhaith í d’fhoirgneamh de chineál ‘sciobóil’ ón 19ú haois. Suite sa reilig tá leac uaighe an altra Margaret Kehoe, a bhfuil clú agus cáil uirthi mar an chéad duine sibhialtach a gortaíodh in Éirí Amach 1916. Bhí sí ina haltra in Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, ceann de na láithreáin a bhí gafa ag Óglaigh na hÉireann agus ag an Arm Cathartha in Éirí Amach 1916 agus maraíodh í agus cóir leighis á tabhairt aici do dhuine de na hóglaigh.
Curtha sa reilig freisin tá John Conwill, máistir scoile do John Tyndall ina óige. Ar thaobh clé Eaglais Naomh Fionntán, is féidir láithreán an tí scoile bhig a fheiceáil go fóill ar a raibh an t-eolaí clúiteach John Tyndall ag freastal sna 1830í.
Ba fhisiceoir clúiteach é Tyndall agus cheap sé an Píopa Solais agus cuireadh tús leis an díospóireacht ar éifeacht na hiarmharta ceaptha teasa trína chuid oibre sna 1860í.
Ba eisean an chéad duine chun a mhíniú an fáth a bhfuil an spéir gorm agus tá go leor feiniméan eolaíochta ainmnithe dó lena n-áirítear éifeacht Tyndall, Tyndallú agus scaipeadh Tyndall.
Taobh thuaidh den sráidbhaile, is féidir teacht ar fhothrach Reilig Chlóidí atá lán le hatmaisféar.
Bhí Cloch Ghrianáin ina lárionad tábhachtach le haghaidh aolchloch a chairéalú agus a tháirgeadh leis na céadta bliain. Is féidir eiseamláir álainn de shaoráid déanta aolchloiche luath ina bhfuil chúig áith aoil a aimsiú ansin, a bhí ann ó 1816.
Ar an aimsir seo, déanann Clogrennane Lime táirgí le húsáid sa talmhaíocht, i dtógáil, agus sna hearnálacha cógaisíochta agus comhshaoil.
Tá siúlóid lúbtha i gCoill Chloch Ghrianáin atá 3.5km ar fhad. Tá radhairc iontacha le fáil ar an tsiúlóid ar bhóithre foraoise thart ar bhaile Cheatharlach agus ar an mBearú. Is seanchoill an limistéar agus bhí clúdach foraoise ann ó na 1800í. Ba é an seanbhalla caidéil ag Cros Uí Chéitinn an príomhsholáthar uisce do mhuintir Bhaile na mBreatnach le níos mó ná 100 bliain.
Ar an taobh ó dheas ag Áth na Muilte, siúl chúig nóiméad ón áit seo, is féidir teacht ar fhothrach de thionscal muilleoireachta plúir rathúil a bhí ann sa 19ú haois. Curtha ar bun ag muintir Alexander i 1790, roimh i bhfad d’éirigh na muilte ina muilte is fairsinge in Éirinn.
Gineadh leictreachas ó Áth na Muilte i 1891, agus mar thoradh air sin bhí Ceatharlach ina chéad bhaile intíre in Éirinn nó sa Bhreatain chun cumhacht hidrileictreach a ghlacadh.
Cuireadh an clár léarscáile seo ar fáil ag Comhairle Contae Cheatharlach i gcomhar leis an Dr. Shay Kinsella, le cónaitheoirí áitiúla agus le Turasóireacht Cheatharlach.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com