Sa radharc ón áit seo tá cuid den talamh thalmhaíochta is torthúla atá le haimsiú áit ar bith in Oirthear Ársa na hÉireann le feiceáil, agus Cnoic Chill Uisean agus Sléibhte Chill Mhantáin agus Na Staighrí Dubha á gcuimsiú. Ní dhearnadh athrú mór ar an áit aoibhinn seo sna 1,500 bliain ó thug Naomh Pádraig cuairt uirthi, de réir cosúlachta, chun cuidiú le mainistir a bhunú.
Is féidir fothrach dhá eaglais a aimsiú anseo, ceann amháin ag dul siar go dtí tréimhse na meánaoise agus ceann eile a tógadh i 1810 le tacaíocht ó Bhord na gCéadtorthaí. Tá fothrach na heaglaise seo de chuid Eaglais na hÉireann, a bhfuil simplíocht lom ag baint léi, suite ag tosach an láithreáin agus tá meánlann le trí bhá ann lena mbaineann ballaí le cóta plástair aolchloiche agus fuinneoga bioracha. Tá dearadh na heaglaise ar aon dul le dearadh cosúil a úsáideadh i go leor eaglaisí eile a thóg Bord na gCéadtorthaí ag an am sin, nuair ba é an beartas ag Eaglais na hÉireann eaglais a thógáil gach 3-4 mhíle chun siúl lucht an pharóiste chuig seirbhísí a éascú. Nuair a dúnadh í, chuaigh lucht an pharóiste a bhí fágtha leis an gcuallacht ag eaglais Bhaile Staplóg de chuid Eaglais na hÉireann.
D’ainneoin na dtagairtí do Naomh Pádraig, tagann an logainm ‘Cill Osna’ ó Naomh Osna, naomh baineannach a bhfuil baint aici leis an mainistir luath. Bhí fothrach cloigthí ann ag an láithreán go dtí go luath sna 1800í, rud lena dtugtar le tuiscint gur mainistir de thábhacht áirithe a bhí inti. Bhí baint láidir ag an láithreán le Naomh Pádraig agus tiomnaíodh eaglais na meánaoise dó, a bhfuil a fothrach le feiceáil sa chúlra.
Tá tobar naofa atá suite níos faide ó dheas tiomnaithe do Naomh Pádraig freisin. Ceiliúradh “Lá Patrúin” ag an tobar ar Lá Fheile Pádraig, an 17 Márta, suas go dtí na 1950í. Thagadh na daoine áitiúla le chéile chun “gabháil timpeall” ar an tobar, agus iad ag rá paidreacha agus ag ól uisce ón tobar nó iad féin á ní ann.
Tharla trí chath shuntasacha san áit seo, an chéad cheann i 489 AD nuair a fuair taoisigh Laighean an bua ar thaoisigh na Mumhan. Tharla an dara cath i 1167 AD nuair a fuair clann Uí Ruairc ó Chonnachta an bua ar Dhiarmaid Mac Murchadha ó Laighin. Sa tríú cath brúidiúil i 1398 AD mharaigh na Gaeil Iarla na Teorann, Roger Mortimer, oidhre ríchathaoir Shasana.
Ba láithreán tábhachtach Cill Osna le linn Éirí Amach 1798. Bhí sráidbhaile iomlán suite os comhair gheata reatha na heaglaise agus dúradh gur fágadh níos mó ná 70 baintreach ansin tar éis Cath Cheatharlach. Thóg coiste 1798 leac cuimhneacháin mar ómós dóibh ag an láthair seo.
Cuireadh an clár léarscáile seo ar fáil ag Comhairle Contae Cheatharlach i gcomhar le hAontas Paróistí Cheatharlach agus Grúpa Pobail Ráth Thuaidh.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com