Bhí baint ag an reilig múrtha sheanda seo le muintir Lecky ó Theach Bhaile Uí Chaollaí in aice láimhe le haghaidh níos mó ná 300 bliain. Dheonaigh Oilibhéar Cromail tailte don teaghlach i lár na 17ú haoise agus léasaigh an teaghlach an reilig do na Caecair. Ba Chaecair iad muintir Lecky iad féin agus tá 26 ball dá dteaghlach curtha anseo freisin.
Ag an am sin mheas na Caecair gurbh gnás uallach gan aisce é uaigheanna aonair a mharcáil le leaca, agus dá bhrí sin nílimid in ann adhlacthaí a aithint ón tréimhse sin inniu.
Tá a fhios againn, áfach, gurbh é an chéad adhlacadh a tharla ansin adhlacadh Robert Lecky i 1694 a bhí ceithre mhí d’aois. Ba é Robert an 11ú páiste de chuid Robert agus Mary Lecky, an chéad ghlúin chun lonnú san áit seo. Ag deireadh na 1800í, d’iompaigh muintir Lecky a reiligiún go hEaglais na hÉireann.
Ós rud é go bhfuil na Caecair ina síochánaithe, creidtear go ndearnadh an t-athrú sin ar a reiligiún d’fhonn rannpháirtíocht mhuintir Lecky i gcúrsaí míleata na Breataine a éascú.
Ba é an chéad adhlacadh sa reilig a coisriceadh ina dhiaidh sin ná Sarah Lucia Lecky i 1895 a bhí 90 bliain d’aois. Tógadh Teach Bhaile Uí Chaolaí do Sarah Lucia i 1830. Ba é an t-adhlacadh deireanach sa reilig adhlacadh Edith Lecky i 1950 a bhí 83 bliana d’aois.
Roimhe sin, adhlacadh Molly Grace (Lecky roimh phósadh di) a bhí 34 bliana d’aois anseo i 1942, oifigeach rannáin le Cór Cúnta Aerfhórsa na mBan, agus maraíodh í agus a heitleán á eitilt aici sa Dara Cogadh Domhanda. Is féidir teacht ar leac cuimhneacháin don Chaptaen John Lecky sa reilig freisin a maraíodh sa Mheaspatáim i 1915.
Cuireadh an clár léarscáile seo ar fáil ag Comhairle Contae Cheatharlach i gcomhar le Turasóireacht Cheatharlach agus le Grúpa Feabhsaithe Bhalana.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Chontae Cheatharlach, tabhair cuairt ar aip Carlow Tours atá ar fáil saor in aisce ó Aipmhargadh Google nó logáil isteach ar www.carlowtourism.com