Cosán Oidhreachta Bhaile na Tulaí
I nGleann Abhainn na Sláine, i lár talamh thorthúil mhéith feirmeoireachta a bhfuil cáil ar Oirthear Ársa na hÉireann aisti, atá an Tulach. Tá cultúr leanúnach staire ag baint leis an Tulach agus spreagfar thú sa turas siúlóide uair an chloig seo chun dul ag féachaint duit féin ar na nithe is mó is díol spéise ann.
Leacht Cuimhneacháin an Athar Sheáin Uí Mhurchú
Sagart Éireannach ab ea an tAthair Seán Ó Murchú ó Bhuaile Mhaodhóg (1753 – 1798) agus bhí sé ar na daoine ab iomráití de cheannairí 1798. Tar éis bhriseadh Chath Chnoc Chuimne, Co. Cheatharlach, d’imigh an tAthair Ó Murchú agus a gharda cosanta Seán Ó Gallchóir lena n-anam go dtí an Tulach. Gabhadh iad agus cuireadh chun báis iad an 2 Iúil 1798 i gCearnóg an Mhargaidh.
Eaglais Cholm Cille, Eaglais na hÉireann, An Pobal Anglacánach
An chéad Eaglais Cholm Cille tógadh í sna 1530í ar láthair caisleáin Normannaigh a tógadh go luath sna 1200í. Cuireadh eaglais nua ina hionad i mbliain a 1737 agus cuireadh ina hionad ansin an eaglais láithreach a tógadh sna blianta 1830-31. Thomas A. Cobden (1794–1842) ailtire a dhear í agus eisean a dhear Ardeaglais Cheatharlach leis.
Leacht Cuimhneacháin Thomas Traynor
Bhí Thomas Traynor, a saolaíodh díreach lasmuigh den Tulach an 27 Bealtaine 1881, páirteach in Éirí Amach 1916. Gabhadh é an 14 Márta 1921 agus crochadh é i bPríosún Mhuinseo tar éis triail ghairid. Cuimhnítear air mar dhuine de ghasra fear a dtugtar ‘An Deichniúr Dearmadta’ orthu. I mbliain a 2001, rinneadh eisean agus naonúr eile, a dhí-adhlacadh agus tugadh sochraid iomlán Stáit dóibh i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath.
Eaglais Chaitliceach na Corónach Muire Rónaofa
An tEaspag Daniel Delany a thóg an séipéal seo i mbliain a 1805 agus cuireadh an túr agus an spuaic bhreá air i mbliain a 1833. Tá an tEaspag Daniel Delany (1747–1814) agus an dá ord rialta a bhunaigh sé, Siúracha Bhríde (1807) agus Bráithre Phádraig (1808), á léiriú i bhfuinneog dhaite.
Iarsmalann an Easpaig Daniel Delany
Is ar thaispeántas de dhéantáin a bhaineann leis an Easpag Daniel Delany agus ar obair Shiúracha Bhríde agus Bhráithre Phádraig a leagtar an bhéim is mó san iarsmalann. Bhunaíodar araon a lán scoileanna ar fud an domhain in imeacht an 200 bliain dheireanach seo. Déan áirithint trí ghlaoch ar 059 915 1277.
Bothán an Mhaoir Uisce
Oifigeach forfheidhmithe dlí ab ea maor uisce a mbíodh de chúram air póilíniú a dhéanamh ar dhobharlaigh leithéidí Abhainn na Sláine. Is sa bhothán breá cloiche maoir seo le taobh an Lárionaid Cathrach a théadh an maor uisce ar fothain oícheanta fuara le linn dó bheith ag faire na habhann chun cosc a chur le foghail phríobháideach agus cearta iascaigh thiarna talún na dúiche a chosaint.
Mount Wolseley
Is é Mount Wolseley teach sinsearach na ndeartháireacha an Bíocunta Wolseley, duine de na ceannairí míleata ba thábhachtaí ar an mBreatain agus Frederick York Wolseley, ar ainmníodh carr Wolseley as a shloinne. Díoladh an t-eastát le muintir Morrissey i mbliain a 1994 agus d’fhorbraíodar Óstán Mount Wolseley ceithre réalta, an Spá agus an galfchúrsa craobhchomórtais 18 bpoll atá anois ann.
Páirc Bhaile na Tulaí
I bPáirc Bhaile na Tulaí tá áit súgartha leanaí, trealamh aclaíochta faoin aer agus páirc chlárscátála úrscothach. Tá raidhse binsí páirce compordacha agus fuílleach slí ag leanaí chun rith timpeall gan bhac. Tá breis is dosaen speiceas crann le feiceáil sa pháirc.
Reilig na Maisitreach
Tá Reilig na Mainistreach laistigh de láthair sean-Mhainistir Agaistíneach a tógadh sa 14ú haois.
Droichead na Tulaí
Tá tagairtí do dhroichead a bheith sa Tulach le fáil i bhfoilseachán de chuid an 17ú haois le Thomas Dineley, a thug cuairt ar Éirinn i mbliain a 1680. I mbliain a 1842, dúirt Charles Forth, Suirbhéir Ard-Ghiúiré Cheatharlach, go raibh fána chontúirteach sa droichead agus go raibh na slite isteach sa droichead ailínithe go ciotach. Athraíodh an droichead tar éis do Forth a mholtaí a thabhairt.
Iarsmalann na Tulaí
Tá bailiúchán déantán in Iarsmalann na Tulaí ar léiriú ar stair na háite iad. Tá tús áite tugtha d’éide an Athar Sheáin Uí Mhurchú ó Bhuaile Mhaodhóg agus Éirí Amach 1798.
Teach Cúirte na Tulaí
Foirgneamh Seoirseach déanach is ea Teach Cúirte na Tulaí a tógadh timpeall le 1825. Istigh ann tá seomra cúirte a bhfuil airde dhá urlár ann mar aon le fuinneog mhór scuabstuach faoi phánaí iomadúla agus áiléar ar an urlár uachtarach ar thaobh amháin de. I gcúl an tí tá slí isteach de bhloic thromghearrtha eibhir á mheabhrú do phríosúnaigh déine a ndáin dá dtabharfaí ciontach iad.
Walk duration: 1 hour
Fad na siúlóide: 1 uair an chloig